Arna fhoilsiú ar líne Dé hAoine, an 20 Márta 2015 17:00 CET

Litir Oscailte chuig an gCoimisiún Eorpach

Ní mór d’Aon-Mhargadh Digiteach na hEorpa a bheith ilteangach!

Ní mór do straitéis an Aon-Mhargaidh Dhigitigh aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an ilteangachais agus comhdheiseanna digiteacha a chur ar fáil do gach teanga oifigiúil de chuid an AE

Sínigh an LitirSíniúcháin go dtí seo

 

Cuirimid fáilte roimh phleananna an Choimisiúin Eorpaigh Aon-Mhargadh Digiteach (DSM) a bhunú san Eoraip. Is mó bacainn agus teorainn a bhfuarthas réidh leo cheana féin nó a dtéitear i ngleic leo sa cháipéis reatha Cuspóirí DSM. Mar sin féin, is bacainn mhór í an bhacainn teanga i gcónaí maidir le sochaí agus geilleagar fíor-aontaithe a bhaint amach san Eoraip.

Is bunchloch agus sócmhainn luachmhar chultúir na hEorpa í an éagsúlacht teanga agus ní mór gur mar sin a bheidh i gcónaí. Mar sin féin, de bharr na mbacainní teanga a chruthaíonn 24 theanga oifigiúla an AE tá margadh na hEorpa roinnte agus níl sé ag baint a lánchumas geilleagrach amach. Ní dhéanann beagnach leath na saoráonach san Eoraip siopadóireacht ar líne i dteangacha nach iad a dteanga dhúchais iad, is minic nach féidir teacht ar ríomhsheirbhísí poiblí ach i dteangacha náisiúnta, agus tá saibhreas cultúir agus oideachais an AE srianta do phobail teanga.  Tá fiontair bheaga agus mheánacha (SME) na hEorpa faoi mhíbhuntáiste faoi leith de bharr an chostais a bhaineann le seirbhísí a chur ar fáil i dteangacha difriúla agus dá bhrí sin cuirtear isteach ar a gcumas iomaíochta.

Ní ga don Eoraip a héagsúlacht shaibhir teanga a chaitheamh i dtraipisí, áfach, chun na bacainní sin a shárú. Le dul chun cinn na teicneolaíochta is féidir linn aistriúcháin agus próisis eile ilteanga a dhéanamh go huathoibríoch. Cé nach bhfuil siad gan locht, is mór an buntáiste atá le baint as na teicneolaíochtaí sin cheana féin agus tá teacht ilteangach agus idirtheangach, dá mbarr, ar shuímh idirlín agus ar ríomhsheirbhísí, tathar ag baint eolais as sonraí ilteangacha, agus táthar ag cur le héifeachtacht aistritheoirí.

Is iad comhlachtaí domhanda nach den Eoraip iad, áfach, atá ar thús cadhnaíochta maidir leis an aistriúchán ríomhchuidithe agus maidir le seirbhísí teicneolaíochta teanga agus is ar an mBéarla agus ar líon beag de na teangacha is mó ar domhan a dhíríonn siad den chuid is mó, rud a dhéanann faillí ar theangacha an AE nach bhfuil an chumhacht gheilleagrach chéanna ag baint leo. Dá thoradh sin, tá beagnach leath na saoránach san Eoraip faoi mhíbhuntáiste de bharr a máthairtheanga.

Ní théann an margadh i ngleic le dúshlán teanga na hEorpa, rud a gcaithfidh an tAE aghaidh a thabhairt air go práinneach agus go comhpháirteach. Tá straitéis de dhíth ar an Eoraip chun fáil réidh le bacainní teanga, rud a chumasódh gnólachtaí agus muintir na hEorpa agus a chuirfeadh comhdheiseanna digiteacha ar fáil do gach pobal teanga san AE.

Ach a dtabharfaidh an straitéis DSM úsáid na teicneolaíochta san áireamh chun dul i ngleic le bacainní teanga, beifear in ann lánchumas an Aon-Mhargaidh Dhigitigh a bhaint amach. Ar na réitigh theicneolaíocha a d'fhéadfadh a bheith ann, tá tacar seirbhísí digiteacha do gach teanga oifigiúil an AE a bheidh ar fáil do gach saoránach, gnólacht agus eagraíocht san Eoraip. Tabharfaidh na seirbhísí tábhachtacha digiteacha teanga sin deis do chomhlachtaí teicneolaíochta agus seirbhíse iliomad réiteach tráchtála a chruthú a fhreastalóidh ar riachtanais agus ar mhianta an mhargaidh.

Creidimid, le réitigh theicneolaíocha den chineál sin a bhunófar ar shár-nuálaíocht agus ar shár-thaighde thionscail na hEorpa, go mbeidh teacht ag saoránaigh, ag gnólachtaí agus ag forais phoiblí na hEorpa ar aistriúchán ríomhchuidithe den scoth agus ar ardréitigh eile theanga do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus do sheirbhísí poiblí trasteorann. Tá lucht tionscail agus taighde na hEorpa ag cur Clár Oibre Straitéiseach don Aon-Mhargadh Digiteach ilteangach le chéile faoi láthair. Cuirfear an páipéar straitéise i láthair ag Comhthionól Riga 2015 (Aibreán 27-29, 2015).

Níl aon amhras orainn ach go gcaithfidh straitéis an CE don Aon-Mhargadh Digiteach aitheantas a thabhairt don ilteangachas, ní amháin mar dhúshlán ach mar dheis mhór don fhás geilleagrach agus don chomhar sóisialta.

Iarraimidne, an lucht leasa thíosluaite - taighdeoirí, forbróirí, SMEanna, ceannairí margaidh, lucht tuairimíochta agus daoine aonair - ar an gCoimisiún Eorpach aghaidh a thabhairt ar an dúshlán ilteangach sa straitéis DSM agus geallaimid go n‑oibreoimid i gcomhar lena chéile chun teacht ar réiteach a sháróidh bacainní teanga, rud a chruthóidh Aon-Mhargadh Digiteach lánpháirtithe i ndáiríre.

Sínigh an LitirSíniúcháin go dtí seo